Is aoibhinn liom teicneolaíocht ... is nerd ceart mé nuair a thagann sé chuig slite chun TEC a úsáid sa rang. Cúpla bliain ó shin bhí deis againn cuntas Google a shocrú don scoil, tá ár seoltaí ríomhphoist féin ar fad againn agus mar sin tá teacht againn ar fad ar Google Drive. Bainimid an-úsáid as mar fhoireann chun bheith ag obair ar cháipéisí scoile go comhoibritheach. Gné eile de Google Drive ná Google Forms. Go dtí gur thosaigh mé ag súgradh timpeall le Drive ní raibh aon taithí agam ar Google Forms agus bhain mé triail as ceann an-shimplí leis an rang. D'oibrigh sé go maith agus bhain na daltaí an-thaitneamh as, fiú d'iarr siad orm an mbeidís in ann a thuilleadh srúdaithe a dhéanamh mar sin!!!
I love technology ... I'm a self-confessed ICT nerd and am constantly striving to find new and innovative ways to use it in my class. A few years ago we had the opportunity to set up Google Apps for our school, we now have our own individual school email accounts and access to Google Drive. We use this as a staff to share information and to work cooperatively on school documents. An element of Google Drive is Google Forms. I have to admit until I started to play around with it myself, I hadn't any experience with Forms. I began by trying out a simple test for my class. It worked well and they really enjoyed it, even asking if they could do more tests like that!!
Chun ceann a dhéanamh caithfidh cuntas Gmail a bheith agat agus ansin nuair a bhíonn tú logáilte isteach i do chuntas téann tú go Google Drive > New > More > Google Forms. Ansin bíonn tú in ann ainm a thabhairt don fhoirm agus ceisteanna a chur. An chéad cheist i gcónaí ná ainm an pháiste a roghnú ó liosta. Ansin bíonn tú in ann do rogha a dhéanamh ag gach ceist idir ilroghnach, liosta, téacs, alt gearr, tic sa bhosca &rl. Nuair a bhíonn na ceisteanna ar fad scríofa agat is féidir do rogha dearadh a phiocadh. Is féidir an fhoirm a leabú i mblag nó an nasc a roinnt. Tagann na freagraí ar fad suas i scairbhileog i Google Drive. Is féidir é seo a phriontáil agus a chur isteach ins an bhfillteán measúnaithe
To create a Google Form you will need to have a gmail account and once you are logged in you simple click Google Drive > New > More > Google Forms. The next step is to name your form and set your questions. My first question is always a 'choose from a list' type question where the children choose their own name. There are lots different options for answers including multiple choice, list, text, paragraph and tick the box. Once your have entered all your questions you can then choose your design. The form can then be embedded in a blog or the link shared. The answers will appear in a spreadsheet in Google Drive. This can be then printed and stored in your assessment folder.
Seo an scrúdú a rinne an rang ar Florence Nightingale. Here's my Florence Nightingale Assessment.
No comments:
Post a Comment