Wednesday, 8 July 2015

Pathways to 1916

Bhuel, inniu an chéad lá oifigiúil de na laethanta saoire domsa! Chaitheas an tseachtain seo caite ag freastal ar chúrsa samhraidh dar theideal "Pathways to 1916". Tá an-shuim go deo agam sa stair agus is aoibhinn liom í a mhúineadh. Le ceiliúradh 100 bliana ag teacht an bhliain seo chugainn ba thráthúil an ama é seo a dhéanamh. Seo an chéad bhliain le fada go ndearna mé ceann in ionad seachas ar líne.
Woohoo, today is my first official day on holidays! Last week was spent attending a summer course entitled 'Pathways to 1916'. I love all things history and am passionate about teaching it. With the 100 year anniversary of the 1916 Rising fast approaching I decided that this would be a worthwhile course to attend. This is the first summer in quite a while that I have chosen to attend a face-to-face course as opposed to an online course.
Thaitin an idirghníomhaíocht leis na múinteoirí eile go mór liom, bhí an-chuid craic againn agus d'fhoghlaimíomar go leor óna chéile... níor thaitin an éirí ar maidin liom ... ach sin scéal eile! D'fhoghlaim mé an-chuid agus tugadh go leor smaointe iontacha dúinn mar aon le hábhar choincréiteach. Tá an spreagadh faighte agam ceachtanna éagsúla bunaithe ar an Éirí Amach a chur le chéile don scoilbhliain atá romhainn.
I loved the interaction with my fellow teachers on the course, we had great craic and shared lots of ideas with each other ... but I didn't love getting up in the mornings! I learned an awful lot about the Rising and we were provided with a whole plethora of different ideas and concrete materials. I'm totally inspired and have lots of ideas for how to teach the Rising during the coming school year.

No comments:

Post a Comment