D'fhoghlaim na páistí faoi chodanna an phlanda agus an feidhm atá leo, faoi cealla phloem & xiléim, faoi thrasghalú agus faoi fhotaisintéis.
An rud is mó a thaithin liomsa faoin gceacht seo ná go raibh ceithre thurgnamh le déanamh. Is fuath liom nuair a bhíonn orm dul sa tóir ar rudaí chun turgnaimh eolaíochta a dhéanamh ach le trí cinn den na turgnaimh seo ní raibh mórán i gceist.
We're currently looking at plants in science. I found a great lesson / series of lessons in EDCO's Window on the World Science book. Lots of great information, I translated it into Irish on an ActivInspire flipchart.
The children learned all about the parts of a plant and their functions, phloem & xylem cells, transpiration and photosynthesis.
What I like most was that there were 4 experiments going along with the lesson. Now I hate when you have to search high up, low down and all over the internet for equipment for science lessons but thankfully three of these experiments were very do-able. (The 4th involved pond weed ... hmmm .... nope!)
Turgnamh 1: An tábhacht solas na gréine don fhotaisintéis
Na rudaí a bhí uaim ná planda (geranium ó Lidl inné!), scragall stáin agus fáiscíní páipéir.
Clúdaíonn tú cuid de dhuilleog amháin le scragall stáin (coimeádann na fáiscíní páipéir é). Fágann tú é in áit atá geal (thuas ar leac na fuinneoige) agus tar éis cúpla lá déanann tú seiceáil air. Éasca péasca!
Experiment 1: The importance of sunlight for photosynthesis
All I needed was a plant (geranium from Lidl), tinfoil and paper clips. You cover part of one leaf with the tinfoil, secured with paper clips and place in a bright part of the room (we put ours on the windowsill) and then you check it a few days later to see the results. Easy peasy!
Seo grianghraf den phlanda agus an méid a scríobhamar fúthu (ná tabhair aon aird ar mo scileanna (nó easpa scileanna) ealaíona)
Here's a photo of the plant and what we wrote on the board (please ignore my drawing skills ... or should that be lack of drawing skill!)
Turgnamh 2: An féidir trasghalú a fheiceáil?
Planda eile ó Lidl don cheann seo agus mála plaisteach mór trédhearcach ... ná roghnaigh ceann le poill ann mar a rinne mise! Cuir an planda ar fad isteach sa mhála agus dún go daingean é. Tar éis tamaillín ba chóir go bhfeicfidh tú braoiníní uisce ar an dtaobh istigh den mhála. Rinneamar é timpeall meán lae agus chonaiceamar uisce timpeall am dul abhaile.
Experiment 2: Can you see transpiration?
Grab another Lidl gernaium and a large, clear plastic bag ... try not to pick one with holes in it like I did! Put the whole plant in the bag and close it securely. After a while you should begin to see little droplets of water on the inside of the bag. We did this at midday and saw the water by home time.
Turgnamh 3: Conas a thaistealaíonn uisce tríd an ngas
Ar mo thuras go Lidl inn phioc mé suas roinnt soilire. Mar aon leis an soilire beidh dathú bia, próca agus uisce uait. Roghnaigh roinnt píosaí soilire le duilleoga orthu agus cur iad isteach i bpróca le huisce agus dathú bia. Tar éis cúpla uair a' chloig feicfidh tú go bhfuil an dath tar éis taisteal chuig na duilleoga.
Experiment 3: How water travels through the stem
On my trip to Lidl yesterday I picked up some celery...not for my dinner! As well as celery you will need food colouring a jar and water. Choose some celery stalks with leaves and put them in your jar with water and food colouring. After a couple of hours the leaves will have started to take on the colour of the food colouring.
No comments:
Post a Comment