An mbaineann tú úsáid as Brain Breaks le do rang? Bhain mé úsáid astu le Rang 1 arú anuraidh. Bhí seomra ranga fíor-fíor-bheag agam agus bhí na páistí lán d'fhuinneamh. Bhían easpa spás pearsanta deacair ar na páistí agus bhí siad cainteach. Bhí sé deacair orm freisin! Is maith liom bogadh timpeall nuair atáim ag múineadh agus ní raibh aon spás agam sa seomra sin chun é sin a dhéanamh. Chun múineadh agus foghlaim éifeachtach a chinntiú bhí orm mo stíl féin a athrú. Roinn mé an Dréimire (íoslódáil é anseo) libh cheana féin, d'úsáid mé é sin le haghaidh cúrsaí iompar. Cinnte bainfidh mé úsáid as sin má bhíonn na bunranganna agam riamh arís, oibríonn sé!
Have you ever used Brain Breaks with your class? I used them the year before last with First Class. We had a really, really small classroom and the children were full of beans. They struggled with the lack of personal space and the temptation to chat was just too much for most of them. I struggled too! I like to move around when I'm teaching and there just wasn't the space to do that. I found that in order to ensure effective teaching and learning I had to make adjustments in my teaching style. I've already shared The Ladder (download it here) with you, this was what I used for behaviour management. I will definitely use it again if I have the junior classes, it works!
Ach ní leor é sin, ansin tháinig mé ar suíomh dárbh ainm Go Noodle. Tá go leor físeanna ar Go Noodle chun na páistí a chur ag bogadh agus físeanna le gníomhaíochtaí anála agus síneadh freisin. Nuair a bhraith mé go raibh na páistí ag sleamhnú uaim chuir mé iad ag seasamh, na cathaoireacha isteach agus d'úsáideamar an spás fíor-theoranta a bhí againn agus chuir mé Go Noodle ar siúl. Thaitin sé go mór leis na páistí ... agus liom féin.
It wasn't enough though, then I came across a website called Go Noodle. Go Noodle has lots of videos to get the kids moving and also has nice breathing and stretching exercises. When I felt that the kids were losing focus we would get to our feet, push our chairs in and use the very very limited space we had and put on Go Noodle. The kids loved it ... I loved it
Tá a gcinn féin acu agus tá go leor cinn eile ó YouTube. Go Noodle have created their own videos and also use videos from YouTube.
Seo na cinn is mór a thaitin liomsa (ó YouTube). Here are my favourites (from YouTube).
No comments:
Post a Comment